| Home | Sitemap | Contact Us | Search | ||
|
||
| English | Gaeilge | Leathanach Baile | |
|
Fáilte romhat go dtí an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta
Is cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil í an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta agus imríonn sí ról buntábhachtach maidir lenár n-oidhreacht seandálaíochta a chosaint. - Séadchomharthaí a aithint agus a ainmniú. An tSeandálaíocht
An tSeandálaíocht Is éard is seandálaíocht ann ná an staidéar ar shochaithe a bhí ann roimhe tríd na hiarsmaí ábhartha a d’fhág na sochaithe sin ina ndiaidh chomh maith le fianaise a dtimpeallachta. Ár n-Oidhreacht Seandálaíochta a Chosaint Tá an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil freagrach as ár n-oidhreacht seandálaíochta a chosaint, lena n-áirítear tochailtí seandálaíochta a cheadúnú, trí chumhachtaí faoi na hAchtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta 1930 go dtí 2004 a fheidhmiú. Cosnaítear séadchomharthaí faoi na hAchtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta ar roinnt bealaí: Sa chás go mbeartaíonn úinéir nó áititheoir maoine, nó duine ar bith eile aon obair a dhéanamh ag, nó i ndáil le, Séadchomhartha Taifeadta, nó sin a chur faoi deara a dhéanta, nó a cheadú, ceanglaítear orthu fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire 2 mhí sular dtosófar ar an obair sin. Tá seo amhlaidh ionas go dtabharfar an t-am don tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na hoibreacha atá beartaithe a bhreithniú chomh maith leis an mbealach is fearr le dul ar aghaidh chun an séadchomhartha a chosaint tuilleadh. |
||
Print
this page |
||
| [Home ].[SiteMap].[Contact Us].[Search] | ||