| Home | Sitemap | Contact Us | Search | ||
|
||
| English | Gaeilge | Leathanach Baile > Bunachar na Long Báite | |
|
Fardal Longa Báite na hÉireann · Tá an tAonad Seandálaíochta Faoi Uisce i mbun fardal a ullmhú de longa báite a taifeadadh in uiscí na hÉireann. Tá gach long bháite is eol san áireamh i bhFardal Longa Báite na hÉireann i gcomhair na mblianta chomh fada le 1945 agus an bhliain sin san áireamh agus tiomsaíodh agus cuireadh thart faoi 10,000 taifead isteach ina gcuid de bhunachar na long báite go dtí seo. · Suirbhéireacht ón deasc atá i bhFardal na Long Báite go príomha agus bailítear faisnéis ó raon leathan foinsí cartagrafacha, seandálaíochta agus stairiúla, idir cháipéisí agus phictiúir. Tá fardal na long báite, lena gclúdaítear uiscí cois cósta chontaetha Lú, na Mí, Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin le foilsiú go luath agus tá sé beartaithe go gcuirfear ar fáil tríd an suíomh seo é. · Tá cartlann Fhardal Longa Báite na hÉireann ar fáil faoi láthair go mbreathnódh daoine air ach socrú a dhéanamh roimh ré in oifigí Aonad Cartlainne na Roinne in Foirgnimh Irish Life, Sraid na Mainistreach Íocht, Baile Átha Cliath 1. An tSeandálaíocht Mhuirí agus Faoi Uisce
· Is saibhir an oidhreacht chultúir atá ag Éireann ó thaobh ábhair faoi uisce, a bhfuil longa báite cáiliúla ar thángthas orthu ina measc ar nós longa báite Armáid na Spáinne atá ann ó 1588 amach ó chósta an tuaiscirt agus an iarthair agus long bháite Armáid na Fraince 1796 i mBá Bheanntraí. Ar longa báite eile ar thángthas orthu le déanaí, tá droichead ó luaththréimhse na meánaoiseanna ag mainistir mhór Chluain Mhic Nóis, Co. Uíbh Fhailí chomh maith le blúirí leabhair, scrínte agus croiseanna ó lochanna i lár na tíre. · Bunaíodh Aonad Seandálaíochta Faoi Uisce (ASFU) laistigh den tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta chun na hacmhainní faoi uisce a mheas, tabhairt faoi obair shuirbhéireachta agus fhorfheidhmiúcháin agus tionchair na forbartha a mheasúnú ionas go mbainisteofar an ghné seo d’oidhreacht na hÉireann. · Pléann an tASFU le breis is 1000 cás a chuirtear ar aghaidh chuige in aghaidh na bliana i ndáil le tionchair ghníomhaíochta pleanála agus forbartha agus bítear ag teacht ar ábhair den chéad uair de thoradh moltaí a dhéantar maidir leis seo. Mar shampla o Thángthas ar long bháite ón 17ú hAois i gCuan Phort Láirge de thoradh monatóireachta ó thaobh na seandálaíochta ar obair dhreidireachta cothabhála o Thángthas ar long bháite eile ó thráth na 17ú hAoise ar a laghad de thoradh monatóireachta ó thaobh na seandálaíochta ar obair dhreidireachta i gCionn tSáile, Co. Chorcaí o Aimsíodh bád scaobtha farraige de thoradh monatóireachta ó thaobh na seandálaíochta ar phíblíne gháis in aice le Baile Mhic Gormáin i gCo. na Mí. o Aimsíodh go leor adhmaid ó longa meánaoiseacha agus long bháite mheánaoiseach i rith monatóireachta ó thaobh na seandálaíochta ar an bpíblíne nua shéarachais trasna Bá Bhaile Átha Cliath. · Tá longa báite agus ábhair sheandálaíochta atá breis is 100 bliain d’aois agus a aimsítear faoin uisce faoi chosaint faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1987 agus 1994. Is féidir longa báite suntasacha ar lú ná 100 bliain d’aois iad a ainmniú le hOrdú Oidhreachta Faoi Uisce mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leo ó thaobh na staire, na seandálaíochta nó na healaíne faoi mar atá amhlaidh le long bháite an RMS Lusitania Chontae Chorcaí, atá suite amach ó Sheancheann Chionn tSáile. Is féidir Orduithe Oidhreachta Faoi Uisce a úsáid chun limistéir de ghrinneall na farraige nó de thalamh atá faoi uisce a ainmniú chun sainmhíniú agus cosaint níos soiléire a dhéanamh ar láithreáin ina bhfuil longa báite agus ábhair sheandálaíochta. · Faoin reachtaíocht, bíonn gach gníomhaíocht tumadóireachta, ar láithreáin arb eol gur láithreáin loinge báite cosanta iad nó gach gníomhaíocht tumadóireachta a bhfuil sé d’aidhm leis ábhair sheandálaíochta faoi uisce a lorg, faoi réir ceanglas ceadúnúcháin. |
||
Print
this page |
||
| [Home ].[SiteMap].[Contact Us].[Search] | ||