| Home | Sitemap | Contact Us | Search | ||
|
||
| English | Gaeilge | Leathanach Baile > Ceisteanna Coitianta | |
|
Ceisteanna Coitianta Céard is seandálaíocht ann? Céard is séadchomharthaí seandálaíochta ann? An bhfuil gach séadchomhartha seandálaíochta infheicthe? Céard é raon na ndátaí atá i gceist le séadchomharthaí seandálaíochta in Éireann? Cén fáth a chosnaítear agus a chaomhnaítear ábhair sheandálaíochta? An bhfuil séadchomharthaí seandálaíochta faoi chosaint an dlí? Conas a bheidh a fhios agam an gcuimsíonn láithreán m’fhorbartha láithreán, atá clúdaithe ag ordú buanchoimeádta, nó láithreán ar leis an Stát é nó atá faoina choimirce? Céard is Clár um Shéadchomharthaí agus Áiteanna (CSÁ) ann? Conas a bheidh a fhios agam an bhfuil an fhorbairt atá beartaithe agam suite laistigh de nó gar do Shéadchomhartha Taifeadta? Cá háit gur féidir liom an Clár um Shéadchomharthaí agus Áiteanna a aimsiú (CSÁ)? Cén fhad a thógann sé le hIarratas ar Cheadúnas a phróiseáil? Céard is seandálaíocht ann?Is éard is seandálaíocht ann ná staidéar ar shochaithe a bhí ann roimhe seo tríd na hiarsmaí ábhartha a d’fhág na sochaithe sin ina ndiaidh a scrúdú chomh maith le fianaise a dtimpeallachta. Imscrúdaítear a dtithe, a lonnaíochtaí agus tuamaí agus gnáthuirlisí laethúla leis an tseandálaíocht. Féachtar leis an tseandálaíocht le tírdhreach, fásra agus aeráid tréimhsí roimhe seo a thuiscint chomh maith leis an tionchar a d’imir siad ar dhaoine roimhe seo, agus an tionchar a d’imir na daoine sin ar na gnéithe sin den saol. Céard is séadchomharthaí seandálaíochta ann?Úsáideann seandálaithe an focal ‘séadchomhartha’ chun tagairt a dhéanamh do struchtúir arna ndéanamh ag daoine nó do ghnéithe nádúrtha arna n-athrú ag daoine. Bíonn scála agus castacht éagsúil i gceist le séadchomharthaí, idir reilig cháiliúil thuama pasáiste Bhrú na Bóinne agus láithreáin ealaíne carraige mar ar maisíodh lomáin charraige le móitífeanna chorn agus ciorcal. Tá líon tearc de láithreáin tionscail ann ar nós láithreán mianaigh, cócaireachta nó níocháin a dtugtar fulachtaí fiadh orthu chomh maith le tóchair nó conairí adhmaid lena dtrasnaítear portaigh. Tá séadchomharthaí eile ann ar fud na tuaithe atá níos infheicthe ar nós ráthanna agus caisleáin mhóra, túrthithe, mainistreacha agus eaglaisí. Tá córa cosanta bailte ar nós ballaí bailte, díoga, geataí agus droichid fós ann laistigh de bhailte stairiúla agus bíonn tithe, eaglaisí agus foirgnimh mhargaidh na meánaoiseanna fós ann uaireanta. Bíonn nithe a cuireadh i dtalamh ina gcuid suntais ó thaobh na seandálaíochta freisin. Is minic a thugann na hionaid dumpála agus láithreáin lonnaíochta seanda atá faoi chlúdach na talún an oiread faisnéise céanna faoinár réamhtheachaithe le fios agus a thugann foirgnimh fhairsinge atá fós ina seasamh. An bhfuil gach séadchomhartha seandálaíochta infheicthe?Ní bhíonn aon fhianaise infheicthe ann le haghaidh go leor séadchomharthaí. Is faoi thalamh a bhíonn siad den chuid is mó, agus sa chás sin, is minic a thagraíonn seandálaithe dóibh mar ‘láithreáin’. Ní gá go mbeadh aon bhaint ag an bhfíric nach bhfuil gnéithe nó struchtúir infheicthe os cionn talún le leibhéal na spéise ó thaobh na seandálaíochta a chuirfí i séadchomhartha. Agus dálaí aimsire áirithe i gceist, (m.sh. triomach), is féidir barra atá ag fás in ithreacha ar cuireadh isteach orthu a idirdhealú ar bharra eile atá ag fás i gcré na mbollán thart timpeall orthu nár cuireadh isteach air. Nochtaítear iad mar limistéir nó áirsí ar a bhfuil dath difriúil agus a dtugtar ‘ barrachomharthaí’ orthu nuair a fheictear ón aer iad. Bíonn séadchomharthaí eile faoi thalamh i bportaigh mar ar fhás an mhóin os a gcionn, agus tá tuilleadh díobh faoi uisce ar imeall locha nó farraige nó ar ghrinneall na farraige. Céard é raon na ndátaí atá i gceist le séadchomharthaí seandálaíochta in Éireann?Is iad na láithreáin seandálaíochta is luaithe dá bhfuil in ann in Éireann ná rianta éadroma na lonnaíochtaí sealadacha a bhí ag iascairí, sealgairí agus cnuasaitheoirí, atá fós ann mar uirlisí cloiche (breochloch nó seirt) ina smidiríní agus cairn sliogán nó dramhchairn . D’fhéadfadh an dáta ar fágadh ann iad a bheith chomh fada siar leis an tréimhse tar éis dheireadh na hOighearaoise deiridh, 10,000 bliain ó shin. Ach d’fhéadfaí meas ábhair inspéise ó thaobh na seandálaíochta a thabhairt ar struchtúir agus iarsmaí ó thréimhse ar bith, fiú abhair nó foirgnimh a tógadh le gairid. Cén fáth a chosnaítear agus a chaomhnaítear ábhair sheandálaíochta?Níl ach sciar d’iarsmaí ábhartha ár réamhtheachtaithe fós ann, mar sin tá sé ríthábhachtach go mbainisteoimid an chuid atá fágtha go stuama. Os rud é nach raibh aon taifid scríofa le fágáil ina ndiaidh ag muintir na réamhstaire, bímid ag brath ar na déantúsáin atá fágtha acu. Cabhraíonn iarsmaí ábhartha uile sochaithe a bhí ann roimhe seo linn leis an tuiscint atá againn ar shochaithe den sórt sin a fhorbairt tríd an tseandálaíocht. Féachtar leis an tseandálaíocht leis an leibhéal eolais agus tuisceana is fearr ar shochaithe a bhí ann roimhe seo a bhaint amach tríd an bhfianaise ar fad a thiomsú agus a anailísiú. An bhfuil séadchomharthaí seandálaíochta faoi chosaint an dlí?Tá gach séadchomhartha seandálaíochta faoi chosaint faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 – 2004. Coinníonn Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil taifead ar gach séadchomhartha agus láithreán arb eol di. Déanann siad seo an Clár um Shéadchomharthaí agus Áiteanna (CSÁ). Sa chás go mbeartaíonn úinéir nó áititheoir maoine, nó duine ar bith eile aon obair a dhéanamh ag, nó i ndáil le, Séadchomhartha Taifeadta, nó sin a chur faoi deara a dhéanta, nó a cheadú, ceanglaítear orthu fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire 2 mhí sular dtosófar ar an obair sin. Fágfaidh an t-am seo go mbeidh an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta in ann comhairle a thabhairt faoin mbealach go bhféadfaidh an obair dul ar aghaidh agus na séadchomharthaí atá i gceist á gcosaint ag an am céanna . Le haghaidh Séadchomharthaí Náisiúnta ar leis an Aire nó le húdarás áitiúil iad nó atá faoina gcoimirce nó faoi réir ordaithe buanchoimeádta, bíonn toiliú scríofa an Aire riachtanach roimh ré sula mbeidh cead ag duine cur isteach ar an séadchomhartha ar bhealach ar bith. Rialuithe ar leithligh is infheidhme i leith oibreacha seandálaíochta a bhaineann le scéimeanna ceadaithe bóithre. Aithnítear leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (faoi mar a leasaíodh) go bhfuil cuspóirí leis an oidhreacht seandálaíochta a chosaint san áireamh le prionsabail na ceartphleanála agus na forbartha inbhuanaithe. Féadfaidh cuspóirí den sórt sin a bheith san áireamh i bpleananna forbartha, agus d’fhéadfaí coinníollacha a bhaineann leis an tseandálaíocht a cheangal le ceadanna indibhidiúla pleanála. Conas a bheidh a fhios agam an gcuimsíonn láithreán m’fhorbartha láithreán, atá clúdaithe ag ordú buanchoimeádta, nó láithreán ar leis an Stát é nó atá faoina choimirce?Bíonn fógra ar an láithreán le haghaidh séadchomharthaí náisiúnta ar leis an Stát iad nó atá faoina choimirce lena ndeirtear gur Séadchomhartha Náisiúnta an séadchomhartha agus go bhfuil sé faoi chosaint faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta. Má chuirtear Ordú Buanchoimeádta ar shéadchomhartha, cuirtear sin in iúl don úinéir/áititheoir i scríbhinn. Céard atá sa Chlár um Shéadchomharthaí agus Áiteanna?Is éard sa Chlár um Shéadchomharthaí agus Áiteanna (CSÁ) ná liosta reachtúil de gach séadchomhartha seandálaíochta ar foráladh dó in Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta. Tá breis is 120,000 Séadchomhartha Taifeadta curtha san áireamh sa CSÁ. Tá an CSÁ comhdhéanta de shraith de léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis a foilsíodh de réir an chontae ar a bhfuil séadchomharthaí marcáilte le ciorcal agus sonraítear an cineál séadchomhartha atá i gceist i leabhar a ghabhann leis. Ba chóir a choinneáil i gcuimhne nach gá gurb ionann an ciorcal agus sainmhíniú ar fhairsinge an láithreáin nó an tséadchomhartha. Conas a bheidh a fhios agam an bhfuil an fhorbairt atá beartaithe agam suite laistigh de nó gar do Shéadchomhartha Taifeadta?Ba chóir duit breathnú ar léarscáileanna an CSÁ ar dtús faoi mar a míníodh thuas. Eagraítear léarscáileanna an CSÁ ar bhonn contae agus ba cheart go mbeifeá in ann láithreán d’fhorbartha a aithint laistigh den bhaile fearainn ábhartha, rud a dhearbhóidh cé acu an bhfuil d’fhorbairt suite gar do shéadchomhartha taifeadta.Cá háit gur féidir liom an Clár um Shéadchomharthaí agus Áiteanna a aimsiú (CSÁ)?Bíonn an CSÁ ar fáil in oifigí na n-údarás pleanála agus i leabharlanna poiblí ar fud na tíre chomh maith le músaeim chontae agus chathrach / bhaile. Féadfar breathnú air ag Cartlann na Séadchomharthaí Náisiúnta freisin, Foirgnimh Irish Life, Sráid na Mainstreach Íocht, Baile Átha Cliath 1. Bíonn an chartlann ar oscailt don phobal gach Luan idir 10am agus 5pm (osclaítear an chartlann ar an Máirt tar éis Laethanta Saoire Bainc). Chun coinne a dhéanamh, cuir glaoch ar 01 8883922 nó ríomhlitir chuig nmarchive@environ.ie. Cén fhad a thógann sé le hIarratas ar Cheadúnas a phróiseáil?Bíonn trí seachtaine i gceist de ghnáth le hiarratais ar cheadúnais tochailte a phróiseáil. Ba chóir d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh trí seachtaine ar a laghad roimh dháta tosaithe na tochailte atá beartaithe mar sin. |
||
Print
this page |
||
| [Home ].[SiteMap].[Contact Us].[Search] | ||