Fáilte romhat go dtí an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta
Is cuid den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta í an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta agus imríonn sí ról buntábhachtach maidir lenár n-oidhreacht seandálaíochta a chosaint.
Bíonn an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta freagrach as:
- Séadchomharthaí a aithint agus a ainmniú.
- Forálacha reachtaíochta a chur i ngníomh i ndáil le séadchomharthaí a chosaint.
- Rialuithe maidir le cosaint agus rialáil (lena n-áirítear tochailtí a cheadúnú agus treoracha agus toilithe Airí a eisiúint) a chur i ngníomh faoi na hAchtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta.
- Comhairle ó thaobh cúrsaí oidhreachta a sholáthar d’údaráis phleanála agus d’údaráis eile a mbíonn lámh acu sna próisis toiliúcháin i leith iarratas indibhidiúla pleanála aonair agus iarratas, tionscadal agus pleananna forbartha eile.
Cliceáil ar na naisc thíos le haghaidh faisnéise ar
An tSeandálaíocht
Ár n-Oidhreacht Seandálaíochta a Chosaint
Ag dul i dteagmhail leis an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta
An tSeandálaíocht
Is éard is seandálaíocht ann ná an staidéar ar shochaithe a bhí ann roimhe tríd na hiarsmaí ábhartha a d’fhág na sochaithe sin ina ndiaidh chomh maith le fianaise a dtimpeallachta.
Meastar gur codanna den oidhreacht seandálaíochta gach iarsma agus ábhar agus rian ar bith eile den chine daonna ón thráthanna ama roimhe seo.
Ár n-Oidhreacht Seandálaíochta a Chosaint
Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as ár n-oidhreacht seandálaíochta a chosaint, lena n-áirítear tochailtí seandálaíochta a cheadúnú, trí chumhachtaí faoi na hAchtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta 1930 go dtí 2004 a fheidhmiú.
Cosnaítear séadchomharthaí faoi na hAchtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta ar roinnt bealaí:
o séadchomharthaí náisiúnta ar leis an Aire nó le húdarás áitiúil iad nó atá faoina gcoimirce;
o séadchomharthaí náisiúnta atá faoi réir ordaithe buanchoimeádta;
o séadchomharthaí stairiúla nó limistéir seandálaíochta atá taifeadta sa Chlár um Shéadchomharthaí Stairiúla;
o séadchomharthaí atá taifeadta sa Chlár um Shéadchomharthaí agus Áiteanna.
Sa chás go mbeartaíonn úinéir nó áititheoir maoine, nó duine ar bith eile aon obair a dhéanamh ag, nó i ndáil le, Séadchomhartha Taifeadta, nó sin a chur faoi deara a dhéanta, nó a cheadú, ceanglaítear orthu fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire 2 mhí sular dtosófar ar an obair sin. Tá seo amhlaidh ionas go dtabharfar an t-am don tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na hoibreacha atá beartaithe a bhreithniú chomh maith leis an mbealach is fearr le dul ar aghaidh chun an séadchomhartha a chosaint tuilleadh.
Le haghaidh séadchomharthaí náisiúnta ar leis an Aire nó le húdarás áitiúil iad nó atá faoina gcoimirce nó faoi réir ordaithe buanchoimeádta, bíonn toiliú scríofa ón Aire riachtanach roimh ré le haghaidh aon oibreacha ag nó gar don séadchomhartha.