Leathanach Baile > Pleanála

An tSeandálaíocht agus an Próiseas Pleanála

Faoi reachtaíocht Pleanála agus Forbartha, tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachtal ina chomhairleoir reachtúil maidir leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag aon fhorbairt bheartaithe ar an oidhreacht seandálaíochta. Cuireann sé seo ar chumas an Aire moladh a dhéanamh coinníollacha seandálaíochta a cheangal le deontais ceadanna pleanála, nó diúltú a mholadh maidir le cead pleanála de chuid an údaráis áitiúl chun cosaint na hoidhreachta seandálaíochta a chinntiú.

Cuireann an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta sainchomhairle ar fáil ó thaobh na seandálaíochta de i leith pleanála agus údáras cuí eile maidir le pleanáil aonair, iarratais forbartha agus tionscadail agus pleananna eile.

Agus í i mbun a ról sa phróiseas pleanála, déanann an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta, thar ceann an Aire, gach iarracht lena chinntiú go laghdaítear na tionchair a bhíonn ag forbairtí ar oidhreacht na seandálaíochta.

Le blianta beaga anuas, chuir an Roinn cóid chleachtais i bhfeidhm le gníomhaireachtaí a bhíonn rannpháirteach sna tionscadail infrastruchtúir ar scála mór a mbíonn impleachtaí seandálaíochta suntasacha acu m.sh Líonraí ESB, Cónaidhm Coincréite na hÉireann, NRA, RPA agus Coillte.

Chun cóipeanna de na Cóid Cleachtais