Home | Sitemap | Contact Us | Search
National Monuments Service, Department of the Environment, Heritage & Local Government
English | Gaeilge

Suirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann
  • Is é cuspóir Shuirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann (SSÉ) ná fardal séadchomharthaí seandálaíochta a thiomsú.
  • Tá taifid ina cartlann ar gach séadchomhartha is eol, nó ar gach ní a d’fhéadfadh a bheith ina shéadchomhartha, dá raibh ann roimh 1700 AD ar tarraingíodh a haird air agus tá sampla de shéadchomharthaí a roghnaíodh ón tréimhse tar éis 1700 AD ann freisin.
  • Tá beagnach 140,000 taifead sa bhunachar sonraí agus baineann amuigh is istigh ar 131,000 díobh seo le séadchomharthaí seandálaíochta.
  • Baineann Suirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann feidhm as ‘liosta téarmaí’ ordlathach comhréidh nó simplithe chun séadchomharthaí a aicmiú agus sholáthair sé ‘nóta scóipe’ ina háis chuardaigh le haghaidh gach téarma agus d’fhéadfadh treoir maidir lena úsáid a bheith san áireamh leis freisin. Toisc go bhfuil na téarmaí tar éis éabhlóidiú le himeacht ama, ní féidir iad a mheas mar théarmaí uileghabhálacha nó cuimsitheacha. Tugann siad leid faoi na sealúchais taifead atá ag SSÉ agus léiríonn siad an bealach incriminteach orgánach ar cuireadh ábhar leis an gcartlann le blianta fada, go háirithe le haghaidh séadchomharthaí a tógadh sa tréimhse i ndiaidh 1700 AD. Cé go ndéantar gach dícheall le comhleanúnachas na dtéarmaí a chinntiú ó thaobh úsáide, níor chóir iad a mheas ach mar threoirlíne atá réasúnta údarásach.

Clár um Láithreáin agus Shéadchomharthaí
  • Téigh go dtí Bunachar Sonraí an Chláir um Láithreáin agus Shéadchomharthaí.
  • Eisíodh an fhaisnéis i gcartlann SSÉ ar bhonn contae idir 1984 agus 1992 mar an Clár um Láithreáin agus Shéadchomharthaí (CLS).
  • Rinne an CLS, a ndearnadh athbhreithniú air i bhfianaise tuilleadh taighde agus oibre allamuigh, an bonn don Chlár reachtúil um Shéadchomharthaí agus Áiteanna (a cuireadh ar bun faoi Alt 12 den Acht um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) (1994)). Tá a fhormáid cosúil leis an gCLS agus eisíodh iad seo le haghaidh gach contae sa Stát idir 1995 agus 1998.
  • Tá mionsonraí tíreolaíochta, ar nós ainm an bhaile fearainn agus comhordanáidí Ghreille na hÉireann, san áireamh i bhfaisnéis an CLS a sholáthraítear ar an suíomh idirlín seo. Tugtar aicmiúchán gach séadchomhartha freisin, agus i gcúinsí áirithe, soláthraítear cur síos gairid.

Cartlann Shuirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann
  • Tá faisnéis mhionsonraithe bhreise ar na séadchomharthaí i gcomhaid taifid bhunaidh Shuirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann. Féadfar iad seo a iniúchadh ag Cartlann Shuirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann , Foirgnimh Irish Life, Sráid na Mainistreach Íocht, Baile Átha Cliath 1. Bíonn an chartlann oscailte don phobal gach Luan (seachas Laethanta Saoire Bainc) idir 10 am agus 5pm. Beidh an chartlann ar oscailt ar an Máirt tar éis Laethanta Saoire Bainc.
  • Chun coinne a dhéanamh, téigh i dteagmhháil leis an gcartlann ar an teileafón (01) 8883922 (ó Éirinn) / +353 1 8883922 (ó thíortha lasmuigh d’Éirinn) nó ar an ríomhphost nmarchive@environ.ie.
Print this page
[Home ].[SiteMap].[Contact Us].[Search]
© archaeology.ie 2007