Leathanach Baile > Suirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann > Bunachar Sonraí an Chláir um Láithreáin agus Shéad

Nótaí maidir le Sonraí a Íoslódáil

Bíonn na sonraí a chuirtear ar fáil ar an suíomh idirlín seo á n-athbhreithniú agus á dtabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Moltar go ndéanann úsáideoirí na sonraí a íoslódálann siad a athnuachan go rialta.

  

 

Cáilíocht na Sonraí

 

Tabhair do d’aire , seachas sonraí le haghaidh Co. Bhaile Átha Cliath, gur tarraingíodh comhordanáidí an Ghreille Náisiúnta, a mbíonn dhá fhigiúr déag iontu, as mapáil 6-orlach na Suirbhéireachta Ordanáis, atá bunaithe ar thagairtí tíreolaíochta, agus go mbíonn cruinneas na gcomhordanáidí sin teoranta don scála seo. D’fhéadfadh earráidí teacht chun cinn sa chás go dtagródh an léitheoir do na comhordanáidí agus léarscáileanna á n-úsáid lena mbaineann scála níos mó .  

Tugtar ‘taifead barraíochta’ ar thaifid nach dtagraíonn do ‘shéadchomharthaí’ agus coinnítear sa chartlann iad toisc go mb’fhéidir go mbaineann siad le gnéithe ar measadh gur séadchomharthaí iad tráth ach ar cruthaíodh a mhalairt nuair a imscrúdaíodh iad. D’fhéadfadh tagairt a bheith sna taifid bharraíochta seo d’earráidí i dtaifead Shuirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann freisin.

 

 

Tacair Shonraí a Íoslódáil 

 

Tá dhá mhodh ar fáil le sonraí a íoslódáil ó bhunachar sonraí na séadchomharthaí. Tá cnaipe íoslódála sa bharra uirlisí nó toolbar in amharcóir an chomhéadain a ligfidh don úsáideoir sonraí a íoslódáil do thír iomlán. Tar éis do dhuine fiosrúchán a chur isteach sa bhunachar sonraí, is féidir torthaí an fhiosrúcháin sin a íoslódáil i gcúinsí áirithe (sa chás go mbaineann an fiosrúchán maidir le cúrsaí spásúlachta le hachar is lú ná 100 ciliméadar cearnach nó sa chás gur lú ná 2000 taifead líon na dtorthaí a thagann de bharr an fhiosrúcháin). Tá na formáidí íoslódála seo a leanas ar fáil:  

 

  1. Autodesk AutoCAD DWG/DXF
  2. Microstation Design Files (DGN )
  3. ESRI Shapefile
  4. ESRI ArchInfo Export (E00)

 

Cuirtear na sonraí asbhainte isteach i gcomhad zip. Tá tuilleadh sonraí ar an mbealach le sonraí a íoslódáil ar fáil sa cháipéis chabhrach a théann leis an amharcóir. Tá sonraí ó na réimsí seo a leanas san áireamh sna sonraí a íoslódáiltear: uimhir an CLS, baile fearainn, cur síos ar an aicmiúchán, comhordanáidí an Ghreille Náisiúnta, CSÁ (réimse ‘fíor/bréagach’ lena dtugtar le fios an bhfuil an taifead le cur isteach ina chuid den chéad eagrán eile den Chlár reachtúil um Shéadchomharthaí agus Áiteanna (CSÁ)).

Ba chóir a thabhairt faoi deara gur gá go mbeadh córas bunachair sonraí ag an úsáideoir le teacht ar na sonraí easpórtáilte. Lenachois sin, caithfidh bogearraí GIS CAD a bheith ag an duine le húsáid a bhaint as faisnéis na léarscáileanna agus, ar ndóigh, an saineolas riachtanach le córais den sórt sin a úsáid. Mura bhfuil RDBMSGIS agat, ní bheidh tú in ann teacht ar na sonraí seo mar sin. Tabhair do d’aire le do thoil nach mbeifear in ann feidhm a bhaint as an áis íoslódála do na contaetha sin a chuirtear chun suntais ar léarscáil na hÉireann le dath éadrom buí. Tá na sonraí le haghaidh na gcontaetha seo á gceartú agus á dtabhairt cothrom le dáta faoi láthair; uaslódáilfear na contaetha seo chuig an bhfreastalaí idirlín seo nuair a bheidh sin críochnaithe.

Ní ghabhann an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, ná aon soláthraí ábhair ar tríú páirtí é, orthu go mbeidh aon chomhaid atá ar fáil le híoslódáil tríd an tseirbhís seo saor ó víris nó ó thruailliú nó ó ghnéithe scriosacha eile cosúil leo.