Home | Sitemap | Contact Us | Search
National Monuments Service, Department of the Environment, Heritage & Local Government
English | Gaeilge

Tochailtí Seandálaíochta
Daoine a bhfuil cead acu Ceadúnas Seandálaíochta a bheith acu
Ag déanamh iarratais ar Cheadúnas
Coinníollacha na gCeadúnas

Tochailtí Seandálaíochta

  • Caithfidh gur seandálaithe, le cáilíochtaí cuí, a dhéanfaidh tochailtí chun críocha seandálaíochta agus iad ag gníomhú faoi cheadúnas, nó de réir toilithe nó treoracha, arna n-eisiúint ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
  • Bíonn an-oiliúint riachtanach le haghaidh nósanna nua-aimseartha na tochailte seandálaíochta chomh maith le cuid mhór saineolais maidir leis an bhfianaise a aisghabháil agus ó thaobh í a léirmhíniú agus a fhoilsiú.
  • Baineann tábhacht le hábhair a aimsítear le linn próisis tochailte, iontu féin agus mar gheall ar an mbaint a thaifeadtar a bheith acu le hábhair, struchtúir, sraitheanna nó gnéithe eile freisin.
  • Le haghaidh faisnéise níos mionsonraithe, féach Polasaithe agus Treoirlínte maidir le Tochailtí Seandálaíochta.

Daoine a bhfuil cead acu Ceadúnas Seandálaíochta a bheith acu

  • Lena chinntiú gur daoine cáilithe a bheidh i mbun tochailtí agus teicnící imscrúdaitheacha eile, ní eisíonn an tAire ceadúnais ach do dhaoine atá curtha faoi agallamh ag an Roinn agus é measta gur daoine inniúla iad le himscrúdú seandálaíochta a dhéanamh.
  • Nuair a éiríonn leis an iarratasóir san agallamh, meastar go bhfuil sé/sí inniúil le ceadúnas seandálaíochta a bheith aige/aici.  
  • Is iad na critéir incháilitheachta le haghaidh agallaimh ná:
    o        cáilíocht acadúil a raibh ábhar seandálaíochta ina chuid substaintiúil de; 
    o        taithí ábhartha ar thochailt seandálaíochta agus an duine ag obair i gcáil mhaoirseora.

    Reáchtáiltear agallaimh don Cheadúnú Tochailte Seandálaíochta go rialta. Ba chóir do dhaoine ar mian leo iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil le:

    Rannán Ceadúnúcháin,               
    Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta,
    Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil,
    G50,
    Teach an Chustaim,
    Baile Átha Cliath 2.

    Rphost: licensingsection@environ.ie
    Teileafón: 00 353 1 8882178

Ag déanamh iarratais ar Cheadúnas

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh tríd an suíomh idirlín seo ach cliceáil ar Déan Iarratas ar Cheadúnas agus na treoracha a leanúint.

Tógann sé trí seachtaine de ghnáth le hiarratais ar cheadúnais tochailte seandálaíochta a phróiseáil. Ba chóir d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh trí seachtaine ar a laghad mar sin roimh dháta tosaithe na tochailte atá beartaithe.

Caithfidh ráiteas maidir le modh na tochailte teacht in éineacht leis an bhfoirm iarratais.

Le haghaidh séadchomharthaí náisiúnta ar leis an Aire nó le húdarás áitiúil iad nó atá faoina gcoimirce, nó faoi réir ordaithe buanchoimeádta, bíonn toiliú scríofa ón Aire riachtanach roimh ré le haghaidh aon oibreacha, tochailt san áireamh, ag nó gar don séadchomhartha.

Le haghaidh oibreacha seandálaíochta a bhaineann le forbairt cheadaithe ar bhóthar, caithfear iarratas a dhéanamh le haghaidh treoracha ón Aire.

Coinníollacha na gCeadúnas 

Ceadúnófar tochailtí seandálaíochta faoi réir sraith chaighdeánach choinníollacha a bhaineann leis an tochailt a bheith á reáchtáil mar is ceart chomh maith le cúrsaí ábhartha eile.

Print this page
[Home ].[SiteMap].[Contact Us].[Search]
© archaeology.ie 2007