| Home | Sitemap | Contact Us | Search | ||
|
||
| English | Gaeilge | Leathanach Baile > Tuairiscí faoi Thochailtí | |
|
Réamhthuairisc · Caithfidh ceadúnaí réamhthuairisc faoin tochailt seandálaíochta a chur faoi bhráid Sheirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chomh maith le hArd-Mhúsaem na hÉireann tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis don obair thochailte a bheith curtha i gcrích. · I gcás na tochailte ilséasúir, caithfear réamhthuairisc a chur faoina mbráid ag deireadh gach séasúr.
Tuairisc Achomair · Caithfidh ceadúnaí tuairisc achomair a chur isteach le foilsiú san fheasachán bliantúil Excavations.
Tuairisc Deiridh · Caithfidh ceadúnaí tuairisc deiridh faoi na tochailtí seandálaíochtaí a chur faoi bhráid Sheirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chomh maith le hArd-Mhúsaem na hÉireann tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis don obair thochailte a bheith curtha i gcrích. · I gcás tochailtí seandálaíochta ar scála mór, nó i gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta (ar iarratas ón gceadúnaí) toiliú leis an am, a ceadaíodh leis an tuairisc deiridh a chur faoina bráid, a fhadú. I gcáis den sórt sin sin áfach, caithfear tuairisc maidir le dul chun cinn ó thaobh na hoibre leis an tuairisc deiridh a ullmhú (lena n-áirítear saintuairiscí) a chur faoi bhráid na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann go bliantúil. · Caithfidh cuntas iomlán a bheith sa tuairisc deiridh ar stratagrafaíocht, ar ghnéithe agus ar na nithe a aimsíodh chomh maith le saintuairiscí agus líon oiriúnach léaráidí. Caithfear an láithreán a léirmhíniú sa tuairisc agus é a chur ina chomhthéacs seandálaíochta agus stairiúil. · Cliceáil anseo le haghaidh mionsonraí maidir le do thuairisc deiridh a ullmhú. |
||
Print
this page |
||
| [Home ].[SiteMap].[Contact Us].[Search] | ||