Oidhreacht Seandálaíochta na hÉireann a Cheiliúradh – Ságrab, Zadar agus Pula, an Chróit.

Oidhreacht Seandálaíochta na hÉireann a Cheiliúradh

Tá Éire agus an Chróit araon an-bhródúil as a n-oidhreacht náisiúnta. Ar bhealach uathúil, tugtar léi sin léargas domhain dúinn ar ár stair agus ar ár gcultúr, rud a bhronnann carachtar ar leith ar áilleacht ár dtírdhreacha i bhfad i gcéin. Le séadchomharthaí seandálaíochta tugtar bealach dúinn lenar féidir linn muid féin a thuiscint agus ár stair a mheas.

Cé go bhfuil clú agus cáil ar shéadchomharthaí íocónacha áirithe go náisiúnta, tá a seoda uathúla féin ag gach ceantar, a luíonn go mór le feasacht agus croí na ndaoine a tógadh ann. Is ag na hÉireannaigh agus na Crótaigh araon atá an muintearas sin le háit agus an tuiscint ar an tábhacht a bhaineann leis na ceangail sin mar chrann taca ár bhféiniúlachta.

In Éirinn, tá an t-ádh orainn go bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta againn chun an méid a d’fhág na glúnta roimhe seo a chaomhnú go cúramach.

Tá lúcháir orm go raibh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, i gcomhpháirtíocht leis an Músaem Seandálaíochta i Ságrab agus leis an Ambasáid,in ann an taispeántas iontach seo a chur le chéile ina leagtar béim ar roinnt samplaí den scoth d’oidhreacht shaibhir seandálaíochta na hÉireann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach as a n-iarrachtaí agus a gcuid oibre crua, rud a d’fhág go raibh an taispeántas seo indéanta.

Tá súil agam go spreagfaidh an spléachadh seo ar oidhreacht na hÉireann daoine chun tuilleadh taiscéalta a dhéanamh uirthi agus cuairt a thabhairt ar Éirinn, b’fhéidir, chun í a fheiceáil dóibh féin. Táim ag tnúth le tuilleadh comhoibrithe tairbheacha idir seandálaithe in Éirinn agus sa Chróit amach anseo agus tá súil agam go mbeidh an taispeántas seo ar an gcéad cheann de go leor comhiarrachtaí.

Beir bua agus beannacht

Ambasadóir na hÉireann chun na Cróite

Ruaidhri Dowling

Scroll to Top