Reachtaíocht

Acht na hOidhreachta Stairiúla agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2023

Rith dhá Theach an Oireachtais Acht na hOidhreachta Stairiúla agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha (an tAcht) agus shínigh an tUachtarán é ar an 13 Deireadh Fómhair 2023.

Nuair a bheidh tús iomlán curtha leis, forálfar leis an Acht cosaint neartaithe le haghaidh oidhreacht stairiúil agus seandálaíochta, agus le haghaidh déantán atá inspéise agus tábhachtach ó thaobh an chultúir de in Éirinn. Leis an Acht, aisghairfear Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2014 atá ann cheana féin agus cuirfear ina n-ionad é, agus leis sin tabharfar isteach na bearta seo a leanas:

  • tabharfar cosaint láithreach do láithreáin seandálaíochta nua-aimsithe, rud a léireoidh an córas reatha le haghaidh réada seandálaíochta agus raiceanna stairiúla a chuirtear faoi chosaint go huathoibríoch gan gá le hainmniú foirmiúil nó le clárúchán;
  • tiocfaidh scéim tuairiscithe reachtúil le haghaidh séadchomharthaí ar thángthas orthu i bhfeidhm;
  • bunófar ‘Clár Séadchomharthaí’ nua, rud a chuirfear in ionad roinnt córais ainmnithe agus clárúcháin atá ag cur isteach ar a chéile agus atá i bhfeidhm faoi láthair;
  • faoi réir eisceachtaí áirithe, déanfar maoin an Stáit go huathoibríoch de réada seandálaíochta nach bhfuil aon úinéir atá ar eolas acu;
  • • tabharfar isteach córas ceadúnaithe comhtháite nua, lena mbeidh an t-iarratasóir in ann iarratas amháin ar cheadúnas a chur isteach chun raon gníomhaireachtaí a údarú;
  • bunófar próiseas achomharc reachtúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ceadúnaithe;
  • úsáidfear nós imeachta forfheidhmithe sibhialta nua mar mhalairt ar imeachtaí coiriúla nó chun iad a fhorlíonadh.

Feidhmiú an Achta

Cé go bhfuil an tAcht ina dhlí anois, tá gá le roinnt bearta dlíthiúla agus riaracháin chun an reachtaíocht a dhéanamh infhorghníomhaithe. Tiocfaidh an tAcht i bhfeidhm, mar sin de, ar bhonn céimnithe.

Tá faisnéis ar na hailt den Acht ar cuireadh tús leo go dtí seo, agus atá i bhfeidhm go hiomlán, le fáil anseo.

Leanfar de bheith ag cur nuashonruithe ar stádas na reachtaíochta ar fáil ar an suíomh gréasáin seo, de réir mar a thiocfaidh ailt bhreise den Acht i bhfeidhm.

Faigh Tuilleadh Eolais

Scroll to Top