Grants to assist archaeologists gain commercial dive qualifications

Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de Chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag ofráil suas le ceithre dheontas in 2026, gach ceann ar luach €5900, chun cabhrú le seandálaithe cáilíochtaí tumadóireachta tráchtála a bhaint amach.

Tugtar cuireadh do sheandálaithe ag a bhfuil suim acu litir chlúdaigh, CV agus sonraí faoin gcúrsa oiliúna tumadóireachta atá beartaithe acu a chur isteach chuig uch@housing.gov.ie faoi 5pm, Aoine 24 Deireadh Fómhair 2025.

Le bheith incháilithe, ba cheart go mbeadh:

Céim acadúil (Leibhéal 8 CNC nó níos airde) sa tseandálaíocht
Eolas nó taithí ar sheandálaíocht faoi uisce
Eolas nó taithí ar sheandálaíocht na hÉireann
Bheith ar fáil chun obair mar sheandálaí faoi uisce in Éirinn

Ina theannta sin, go hidéalach ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas ag na hiarratasóirí:

Cúrsa oiliúna tumadóireachta bunúsach déanta
Tumadóireacht déanta in Éirinn
Tumadóireacht déanta le bliain anuas
Dhá bhliain dé thaithí phraiticiúil sa tseandálaíocht

Léirigh go bhfuil na riachtanais thuas go léir comhlíonta agat i do litir clúdaigh agus CV. Tabhair sonraí freisin maidir le do rogha de chúrsa oiliúna tumadóireachta tráchtála agus a shuíomh, lena n-áirítear ainm an chúrsa agus coibhéis FSS, dáta agus soláthraí.

Scroll to Top