Gníomhú ar son na hAeráide

Is bagairt shuntasach iad teagmhais adhaimsire agus dálaí aeráide athraitheacha i leith oidhreacht thógtha agus seandálaíochta na hÉireann. Leagtar amach sa phlean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta (2025) beartais, cuspóirí agus gníomhaíochtaí chun cosaint na n-acmhainní seo a chinntiú do na glúnta atá le teacht i bhfianaise na guaiseacha a bhaineann leis an athrú aeráide.

Seo ceann de 10 Phlean Oiriúnaithe Earnála a ullmhaíodh faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe (cur chuige uile-rialtais agus sochaí i leith oiriúnú don aeráid in Éirinn) agus a foilsíodh i mí na Samhna 2025. Soláthraítear sa phlean seo an creat polasaí le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe ar fud réimse comhpháirtithe oidhreachta (agus comhpháirtithe de chineál eile) chun aghaidh a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide. Leagtar spriocanna agus cuspóirí oiriúnaithe amach sa phlean sin maidir le hoidhreacht thógtha agus seandálaíochta na hÉireann agus déantar iad a mhapáil ar ghníomhaíochtaí sonracha atá le cur chun feidhme.

Rinneadh cur i bhfeidhm agus athbhreithniú deiridh ar ghníomhaíochtaí an chéad phlean Oidhreachta Tógtha agus Seandálaíochta (a foilsíodh in 2019) i mí an Mhárta 2025, ag críochnú timthriall iomlán agus ag tosú ar na chéad chéimeanna den timthriall nua. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin athrú aeráide agus oidhreacht, chomh maith leis na nuashonruithe is déanaí ar chur chun feidhme an dara Plean Oiriúnaithe Earnála don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta, tabhair cuairt ar an leathanach Gníomhaithe ar son na hAeráide don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta ar gov.ie.

Scroll to Top